Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 113

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 113
  3. XML “Sméara Dúbha do Phiocadh as Lios”
  4. XML “Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sméara dubha do phiocadh as lios
    Bhí fear eile in Arragleann fadó agus bhí ana dhúil aige i sméara dúbha. Bhíodh sé á bpiocadh nuair d’fhaigheadh sé an seans i gcomhnaidhe. Aon lá amháin thainig sé go liosachán agus chonnaic sé an áit ar fad dubh leo. Do thosnuig sé ortha á bpiocadh ‘s á n-ithe. Níor bhfada gur bhuail an tart é. Seo leis abhaile agus chrom sé ar uisce liathadh d’ól, ach ní raibh aon mhaith dho ann, ní fada mhair sé gur mhairbh an tart é.
    Dá m’bháil leis fanacht ón lios beadh an scéal go maith aige.
    [T. Breathnach]
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Púcaí
    Bhí bean ann fadó, agus bhí béirt leanbh aici a bhíodh á crádhadh gach lá lena lógóireacht. Lá amháin tháinig táiliúir ’an tig ag déanamh bríste d’fhear a tíghe. Bhí an fear agus a bhean imithe amach ag obair, agus bhí an táiliúir leis féin istig a’dhéanamh an bríste. Ba ghearr gur chualaidh sé na leanbhaí ag cainnt eatortha féin ‘s a rádh nuair a thiocfadh sí isteach arís, go dtosnóchaidís ar scriachach. “Tr'om gal”, arsa duine ’ca leis an nduin’ eile. Do leath a dhá súil ar an dtáiliúir, ach níor léig sé faic air.
    Tháinig an bhean isteach taréis tamaill, ach má tháinig thosnuigheadar a scriachaigh, agus bhí sí a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Fín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    59