Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 112

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 112

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 112
  3. XML “Púcaí”
  4. XML “Gleann na Bunóice”
  5. XML “Ceo”
  6. XML “An Bogha Sín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé daoine de's na mairbh ag marcuighíocht ar chapaill agus madraí 'ca a seilg.
    Tháinig eagla an domhain air, agus níor fhan aon mhaitheas na dhiaidh san air, 's cailleadh go luath é. Na daoine maithe a thug leotha é - mar bhuaileadar poc air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá "Gleann na Bunóice" ar an dTír Uachtarach i bParoiste Bhreanndáin. Fear a bhí a dul abhaile ón dTír go h-Ara-Ghleann oidhche, agus díreach mar a bhfuil deire an Bóthair Nuadh anois, do chualaidh sé an bhunóc ag gol i lár na h-oidhche agus b'áit leis é mar ná feacaidh sé duine no daonaidhe tímpeall. Tugtar "Gleann na Bunóice" air ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Deirtear san áit go seasuigheann an bogha-sín go mbíonn corcán óir ann. Deirtear gur lean fear é uair a d'iarraig an corcan d'fhagháilt ach gur thuit sé marbh leis an ocras.
    Eamon Ó Fínn, Tír Uachtarach
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.