Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 095
- XML “Scéal na Dreancaide agus an Feirmeoir”
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Maith go leór, a dhuin’ uasail,” arsa an seirbhíseach, “cuimnig ar ár marga le na chéile, a’s sín amach chúgham mo thrí chéad púnt.” Dob éigean do.{Seán Jack Ó Bric. 84 bliana, ’s
Eoghan Ó Néil. = ó’n dTir Iochtarach beirt aca, agus an scéal so mar a chéile ag an mbeirt.
Tá Eoghan 62 bliana. Ón athair a chuala sé sin é.} - Piseoga:
Deirtear riamh nach ceart scaoileadh le h-aon tig ó thaobh na láimhe cle.
agus
Gan dul isteach in aon tig nuadh gan rud éicint do bhreith leat, mar a mbeadh agat ach fód móna.
agus
Gan cat do bhreith isteach riamh ann.
agus
do chuid lachan do tumhadh go maith in uisce sar a raghfá isteach ann.Leigheas:
Tá “slánlus” go maith chun dortadh is rith fola as cneadh, do stop.
agus
go bhfuil “lus na Coirri” go maith chun na “dubháin” do leigheas, agus an “liath-bhuidhe” leis
agus, go bhfuil an cais-searbhán go maith chun muca do ramharú.
{Norá Nic Gearailt 66 bl. (na maireann) ón a máthair}- Faisnéiseoir
- Nóra Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 66