School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 092

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 092

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 092
  3. XML “Scéal na Dreancaide agus an Feirmeoir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 92/
    Sceal na dreancaide, agus an feirmeóir
    Bhí fear oibhre ’na chómhnaidhe uair amháin ar an dhtaobh [sic] thiar de’n nDaingean, agus do tharla go raibh obair tearc go leór sa cheanntar san an tráth so. Do bhuail feirmeóir ó’n “Mullach” leis lá, ar sráid an Daingin, agus ó’n uair gur theastuig seirbhíseach go cruaidh ó fhear a’ Mhullaig do reidhtígheadar le na chéile ar feadh bliana. Do bhí sé sa mharga eatortha in eamais an airgid bliana, dá nglaodhadh an feirmeóir bitheamhnach ar an seirbhíseach, nó dá gcuireadh sé éitheach na leith, ar aon t-slíghe, go mbeadh an bhliain istig, go gcaithfeadh sé ní h-amháin a thuarastal bliana do thabhairt do, ach dá chéad púnt chómh maith.
    Thángadar an Mullach, agus an tarna lá d’eirigheadar go moch ar maidin agus chuadar amach ’an ghort a’baint choirce.
    Bhíodar ag obair leo ar feadh tamaill, agus b’ait leis an seirbhíseach an saghas coirce a bhí sa ghort. Léasacha beaga scáinnte a bhí ann agus an gráinne dá réir. “Nách aindeis an saghas coirce a bhíonn agaibh annso”, arsa an seirbhíseach ar deire, “is feárr seacht n-uaire an coirce a bhíonn am dhúthaigh se”.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Language
    Irish
    Informant
    Eogan Ó Néil
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    An Tír Íochtarach, Co. Chiarraí
    Informant
    Seán Jack Ó Bric
    Gender
    Male
    Age
    84
    Address
    An Tír Íochtarach, Co. Chiarraí