Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 083

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 083

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 083
  3. XML “An Gabha agus an Fear Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 83/
    An Gabha ‘san Fear Ruadh
    Fadó do bhí a’maireachtaint i seanabhothán len’a bhean agus a mháthair.
    Aon lá amháin agus é ag oibriú leis sa cheardtain, tháinig fear Ruadh lena chapall go doras na ceardtan agus d’iarr sé ar an nGabha, a’ dtabharfadh sé iasacht na n-úrlaisí ceardtan do ar feadh tamaill, go gcuirfeadh sé árduighthe féna chapall. Dúbhairt an gabha leis go dtabharfadh agus fáilte.
    Do phreab an Fear Ruadh anuas dá chapall agus seo isteach é, agus thosnuig sé ag séideadh na mbolg go dtí go raibh an teine ‘san teallach chómh dearg le caor aige. Fuair sé an botún san barra chimleach annsan, ‘s bhain sé na crúba ar fad den gcapall, ‘s chaith sé isteach sa teine iad ‘s d’fhág sé ann iad ar feadh tamaill; agus nuair a thóg sé amach iad bhí na cruidhtí go daingean ar na crúbáibh. Agus chuir sé féin gcapall thar nais iad chómh slán follain ‘s bhíodar riamh. Nuair a bhí-san déanta aige, d’fhág a bheannacht ag an nGabha agus d’imig sé chun siubhail.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0753: Christ and the Smith
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Gruiméil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí