Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ar an "gCoill Móir", i gCorca Duibhne fadó agus ní raibh ach aon bhó amháin. Lá amháin chuaidh sé go Corcaig ar theachtaireacht éicint, agus nuair a bhí sé a teacht abhaile do chuimhnig sé gur bí seo an oidhche roim Oidhche 'le Mártan. Bhí sé a' brostú air annsan go mbeadh sé ag baile in am. Do bhuail fear ar an mbóthar leis, agus d'fhiafruig sé dhe ca na thaobh go raibh an deabhadh go léir air. Dúbhairt sé go raibh sé ag brostú i gcás go mbeadh sé ag baile in am chun rud éicint do mharbhú i gcóir Naoimh Mártan. Nuair tháinig sé abhaile do mhairbh sé an bhó, agus seich mí na dhiaidh sin, bhí deich mba aige. Deirtear gur bé Naomh Mártan a bhuail leis a's a chuir an rath air.
Eamon Ó Seaghdha 50 blian20 bl. ó shoin, ó n a athair nách mhaireann- Faisnéiseoir
- Eamon Ó Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50