Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 049

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 049
  3. XML “Brón agus Grá”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon tráth amháin do bhí fear ann dár b'ainm do Seán Ó Cléirig, agus bhí an Seán seo imithe glan i ngrádh le cailín áluinn dár b'ainm di Sadhbh Ní Mhaonais. Tráth de's na tráthanna do dheineadh an cleamhnas eatortha, ach nuair bhíodar díeach réidh chun pósta, agus an lá ceapaithe aca, do bhuail taom breóidhteachta Sadhbh, agus slán mar a n-innstea é, do chailleadh í.
    Bhí Seán bocht annsan go brónach 'na diaidh, agus n'fhéadfadh sé í leigint ó na chuimhne de ló ná d'oídhche.
    Aon oidhche amháin, agus é sínte ar an leabaidh mí taréis bháis Shaidhbh, do bhaineadh geit as i lár a mhaireanna istig do mhúscail as a bhruadair é. Chuala sé an guth ag labhairt leis mar seo:-
    Dia's Muire dhuit, a Sheáin Uí Chléirigh
    Seo í do ghradh geal do tháinig at fhéuchaint
    Oscail is múscail, 's chorraui do ghéaga
    Agus feuch orm suas le'd dhá shúil chlaona.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0970: The Twining Branches
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13