Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 025

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 025

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 025
  3. XML “Béaloideas ó Chluain Searrach i bParóiste Chlocháin - Scéalta ar na Sí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó, do mhair ar an gCluain Searrach seanduine de mhuinntir Loingsigh. Tá mac a mhic a maireachtaint ann anois agus é 73 bliana d'aois.
    Maidin amháin d'éirig an seanduine seo go moch, agus d'imig sé amach a' féuchaint na feirme. Sa t-samhradh dob eadh é, agus bhí an drúcht go trom ar an bhféar. Sa t-siúbhlóid do tháinig sé treasna ar seana stoca dubh a bhí caithte ar an gcasán agus é lán de luibheanna. Do phrioch sé suas é, agus chuir sé fé na chasóig é. Má dhéin níor bhfada gur casadh bean air, agus bheannuigh sé dhi. In ionad freagra is amhlaidh a fhiafruig sí dhe an bhfuair sé aon nídh a' dul amúgha. Dubhairt sé léithe go coranta ná fuair, mar dréir deabhraimh fear dána neamh-eaglach dob eadh é. Chuir sí an cheist chéadna an tarna h-uair, agus fuair sí an freagra ceadna. Do ghlaodhuig sí amach annsan go h-árd - "An bhfuileann tú annsan a Chormaic "? "Táim, arsa an guth istig sa stoca.
    "Seo dhuit do Chormaicín mar sin," arsa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Cheapaigh, Co. Chiarraí