Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “Béalmúinteoiras ón gCeapaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. M'athair (R.I.P.) so chuala á rádh so tá deich mblian ó shoin ann. Dúbhairt sé gur gabha a dh'imig an dúthaig síos amach, a' tuilleamh a bheatha do féin is dá mhuirear agus gur ghaibh ráfla tímpeall, é bheith marbh, agus go ndeireadh daoine gur bhí a dhriofúr a dhein an caoineadh so dho:-
    I
    Dob fhuirist aithniúint ar theacht fé'n srád dom,
    Nuair nár chuala fuaim do cheárdtan,
    A déanamh glais cip ná tairgne
    Fariór, deacrach! gur marbh dp ráinghís
    II
    A dhriotháir ó, 'sa dhriotháir na gcarad
    Is fada siar é rian na droch-mhná ar do leacain
    Tart an gheimhridh ahus fuacht an earraig
    Uireasa an éadaig agus céalacar fada.
    III
    'Sa bean úd thuas an h-ainceisúir síoda
    Ná fuil aon bhrón ar lár do chroidhe-se
    Nách é mo dhriotháir is measa leat sínte
    Ach tú a' déanamh cleamhnais ar do dhícheall.
    Bhí an Sagart istig, agus é láithreach, taréis an Óla Dhéanach do chur air, ag éisteacht leis an gcailín, agus bhí an bhean dár thagair sí dhi,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)