Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Béalmúinteoiras ó Baile Uí Dhuibhne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Béaloideas ó "Bhaile Uí Dhuibhne" i bparóise Chlocháin, ar theórain Bhreanndáin i mBarúntacht Chorca Dhuibhne. "Micí Learaidhe" (Loingseach, dob eadh é) ó Bhail' Uí Dhuibhne do cheap na dréachta so. Do scríobhas iad blianta ó shoin ó bhéal aithris "Seán Neddí" (nach maireann) - tímpeall le fiche bliain ó shoin. Do mhair "Mici" le linn óige Sheáin. Ar an gCeapaig a bhíodh Seán. [S. ó Loingsigh o.s.]
    "Geall", do b'eadh é seo, do cuireadh le "Mici". Is amhlaidh a bhí sé oidhche ag iascach i gCuan Bhreanndáin. Do shéid an oidhche agus dob éigean do féin is dá chriú tarrac is cur díobh isteach.
    Tá carraig sa bhfairrge ar an dtaobh thuaidh do Ché Bhreanndán - tímpeall 60 slat ó cheann a' ché, ar a nglaodhann siad "Carraig Niocláis". Nuair bhíodar chómh fada le Carraig Niocláis agus ceann scríbe nach mór sroichte 'ca, do chuir an bheirt a bhí sa naomhóig le "Micí", geall leis - leath-phiúnt biotáile nuair a raghaidís isteach - ná beadh dhá bhéarsa ceapaithe aige den gCarraig sar a sroichfidís Ceann an Ché. Chuir "Mici" an geall leo go fonnamhar, agus nuair bhíodar cliathanach leis an gCarraig, thosnuig sé mar seo:-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Seán Neddí
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí