Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 382

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 382

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 382
  3. XML “Seanbhóithre atá sa Cheantar seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    1917. Tá "Bóthar a' Tóchair" ag dul leath slighe ó'n dTír go dtí an Lios. Casán a bhí ann roimis sin. Do dheineadh é sa bhlíain 1921. Tá "Bóthar na Roimpéirí" ag dul ó'n Lios síos go dtí an Cé. Seana casán a bhí ann sar ar deineadh é. Tá "Bóthar na Ceárdtan" sa Ché ag dul ó'n mBóthar Nua go dtí an tráigh, agus tá an cheardtain anaice leis. Tá "Bóthar na gCloch" ag dul ó'n Lios go dtí an cnoc. Tá Bóthar an Bhaile Mhóir ag dul ó'n Lios go dtí Baile Móir. Tá "Bóithrín na h-Úarlann " ag dul ó Mhuirreagráin go dtí an tráigh. Tá an "Bóthar Caol" ag dul ó'n Lios go dtí an Cé. Bhí ochtar fear agus seisear ban ag obair ann. Tuistiún sa ló a gheibhidís. Tá an "Bóthar Dubh" ar an teórain idir Tír is Maca an Mhíl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Muirchearthaig