Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 343
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Siad na h-aicídí agus na píanta a bhíonn ar dhaoine ná:”
(ar lean ón leathanach roimhe)Sé an leigheas atá ar dathacha ná feanmach beirbhthe do chimilt díot féin.
Sé an leigheas atá ar teinneas fíacail ná pus na gráineóige do bheirbhiú agus é do chur leis an bhfíacail. Sé an leigheas atá ar teinneas clúaise ná blúire cadáis do chur isteach san chlúais. Sé an leigheas atá ar bruitíneach ná cruach na caorach do bheirbhiú agus an t-uisge d'ól. Sé an leigheas atá ar triuch ná gliúmhín do bheirbhiú agus an t-uisge d'ól. Sé an leigheas atá ar an líatha bhúidhe ná an "cloigín gorm" do chur a tarrach i mbainne te agus é d'ól.- Bailitheoir
- Tomás Mach Gearailt
- Inscne
- Fireann