Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 329
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'innsint dá mhnaoi ach nuair tháinigh sé amach bhí an madaruadh imighthe. Ins na cnoic a mhaireann sé. Téigheann sé a choladh sa géimhridh. Deineann sé a lán dioghbhála do daoine.
An Coinín: I bpáirceana a mhaireann sé agus deineann sé dioghbháil do thalamh na daoine. Deineann an seabac a nead ?? bhfailltreacha. Goideann sé sicíní sa chómharsanacht.
Dá n-íosadh duine go mbead an aicíd sin an "Evil" air, teanga an Eas Ruaid, leigheas ar an aicídsin iseadh é. Tá bainne an fheiréid mar leigheas do dhuine a bheadh a ??? sa leabhaidh. Dá líghfheadh duine drom an aircín luacra le na theangain , beadh leigheas ar "dóghadh" aige sin . Fiacall capaill do chur i bhfolach ad chuid éaduig leigheas ar tinneas fiacail é sin . Pus na graineóige, mar an gceadna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó hUallacháin
- Inscne
- Fireann