Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 311
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Luachra istigh sa chlaidhe go mór, mhór sa claidhe go mbíonn raithneach ann. Tá sí sin ana díogbhálach leis nuair a bhíonn rudaí óga aici. Marbhuigheann sí lacha 's géanna óga. Ins na bhfaillteacha a bhionn an seabhac agus an nead déanta aca. Bhíonn síad ag fuaidreamh anáirde san spéir agus nuair a cídheann sé sicíní óga is rudaí mar sin thugann sé sciúird fútha.
Ar an gcnoc a bhíonn na cearca fraoigh agus bíonn an ciúirliún ar an dtráigh. Ní dheineann siad seo aon dioghbháil. Cuaidh an mada ruadh sios go dtí an dtráigh lá amháin ag lorg éisc. Ní raibh aon iasc le fághail aige, agus do bhí ocras mór air. Cad a dhein sé annsin ach a teanga do chur fé bháirneach a bhí ceangailte fé cloich chun é do bhogadh agus cad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Leighin
- Inscne
- Baineann