An fear agus a chlann inghean
Bhí fear ann fadó agus bhí ceathrar ingean aige. Aon lá amháin tháinig bean ón mbaile isteach agus ins an gcainnt dóibh dúbhairt sí.
"Is olc an bhail ort a dhuine bhoicht gan mac bheith agat." "A bhean mhaith" ars an fear, " an lá bheidh ingean agat beidh mac agat,agus is fearr ingean na striapaidh ná mac ina Iarla" Ó tá go maith ars an bhean ach nuair bheir caillte cé rachaidh fé d'chómhrainn. Ní rachaidh na hingheancha. Muna rachaidh féin ars an fear- beidh duine im chaoine
Agus beidh duine eile ag cur síos dom.
Agus duine aca ag líonadh tobac ar chlár.
Agus duine eile ag guidheachtaint agus'á achairt ar Íosa
Trócaire Chríost do dhéanamh ar "Dá."
Máire bean Ui Catháin 73 bl.