Scoil: Scoil N. Erc

Suíomh:
Baile an Mhúraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bean Uí Chinnéide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 169

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 169

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Erc
  2. XML Leathanach 169
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgeul Grínn.
    Do bhí fear ann fadó agus d'eirig achrann idir é féin agus ministir a bhí-ins an áit. D'oibrig an ministir an dlíghe air an bhfear bocht agus bhí eagla chuige air agus scannradh air ná feadfadh sé costaisí na cuirte a ghlanadh go bráth mar go raibh sé chómh bocht dealbh.
    Bhí Dómhnall O Connaill na dhligheadóir san am san agus chuaidh sé go dtí Dómhnall ag gearán a cháis leis. Dúirt Dómhnall leis a leigint ar a bheith caillte a leithéid seo do lá agus le na bean bheith lasmuigh do'n ndoras ag gol 's ag béicig agus go ngeobfadh sé féin agus an breitheamh an slíghe. Dúbhairt sé leí nuair d'fiafróchaidís di cad bhí-uirthi a rádh go raibh a fear caillte.
    Do thuit gach rud amach mar dúbhairt Dómhnall. Do chuaidh sé féin agus an breitheamh isteach sa tig.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mhurchúdha
    Inscne
    Baineann