Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 143

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 143
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní raibh acht trí tighthe sa pharóiste seo fadó, ceann aca I Mullach Bhéal, ceann aca i Mura Gurán, agus ceann díobh i bhFearann Dealuaigh. De h-Óra abainm do'n fear a bhí san Mullach, agus Ó'Briain abainm do'n fear a bhí i Mura Gurán. Do bhí aon mhac ag Dé h-Óra agus pósadh é le inghean le Briain. Tháinig bean ó áit éigin in aice Tráighlí mar bhean mhic do fear Fearann Dealuaigh. Bhí naoi gcinn déug de clainn ag mac De h-Óra agus bhí mór-sheisear de clainn ag mac fir Fearann Dealuaigh. Ta na fallaí agus an páirc 'na raibh tig Dé h-Óra le fheiscint fós i Mullach. Do deineadh amhrán i dtaobh an trí cinn díobh. 'Sé an cuid a deineadh i dtaobh tig Dé h-Óra ná:
    Tá gleann ag an h-Órach, 'sé is cóir dúinn a moladh,
    Ní h-é na gleanntha súd Ó Domhnall cé gur mór tada thóradh
    Tá airgead is ór ann mar stór ag a'bochtaibh,
    Agus luighe chun buaibh óga ann ar seoiribh na locaibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Mhuircheartaig
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mullach Bhéal, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Mhuircheartaig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    47
    Seoladh
    Mullach Bhéal, Co. Chiarraí