Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 130

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 130

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 130
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí táilliúr ann fado agus bhí sé na shuidhe ar an mbórd ag déanamh culaith eadaigh, nuair tháinig scata cuilleóga mór thimcheall air. Rug sé ar an tuáuille agus mhairbh sé céad ceann den na cuilleóga de'n aon iaracht amháin. Dubhairt sé leis féin ná cuirfeadh sé snáth in a láimh go deó arís agus níor chuir. Cuaidh sé amach an lá seo agus dubhairt sé le gabha cliadhain a dhéanamh do. Nuair a bhí an gabha ag déanamh an cliadhaimh dubhairt an tailliuír leis scriobha air gur mhairbh sé céad den aon iaracht amhain. Dein an gabha é.
    Dubhairt an tailliúr annsan ná bheadh aon eagla air roimh aon fhear annsan. Bhí fathach 'na comhnuidhe sa baile ceadhna leis an tailliúr agus nuair a chualadh sé é sin thainig sé iag, go dtí an tailliúr
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1088: Eating Contest
    AT1640: The Brave Tailor
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Conn Ó Néill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na Leacan, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Éamon Ó Néíll
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Baile na Leacan, Co. Chiarraí