Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 096
- XML “Imirt Peile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí cluiche peile i mBaile Dhubh ar an ceatarmhadh lá de Márta ochtdeug ochtmhó ocht. Fuireann Lios na Caol Bhuidhe agus fuireann Abha Caisle a bhí ag imirt ann. Do bhí sgata mór daoine sa pháirc ag feucaint ar an gcluiche. Siad fuireann Lios na Caol Bhuidhe a bhuaidh an cluiche sa deire agus deineadh amhrán fada gá moladh. Do bhí an craobh ag fuireann Lios na Caol Bhuidhe as san amach. Siad na bogha a bhíodh aca fadó ná dhá bhataí sáidhte san cré no dhá cloich. Sé an rud a thosnuig peil ar dtúis ná, bhíodh na daoine idiarraidh an liathróid a caitheamh ó baile go baile féucaint cad é an fear a cuirfheadh an slighe ba fhada é. Annsan thosnúigheadair ar peile agus bhíodh cluiche idir gach dhá bhaile gach Domhnach bréagh sa t-Samhradh.
Cáit Ní Mhuirchearthaig
Mullach Bhéal
Clochán
Caisleán Ghriaghaire
Fuaras ó Padruig Ua Mhuirchearthaigh
Fuaras ó- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhuirchearthaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mullach Bhéal, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Padruig Ua Muircheartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47