Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 083
- XML “Bia na Seanaimsire”
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'eirigheadh na daoine go moch ar maidin agus théighidís go dtí cnoc agus cruidís na gabhair agus ólaidís an bainne don breicfast. Bhí an bórd ag crochadh ós na frathachaibh nuari na béadh sé in úsáid agus deintear é do leagadh anuas i gcóir na mbéilí.
- Ní ithidís ach dhá bhéile sa ló, ceann ar maidin agus ceann sa tráthnóna. Dhá bhéile prátaí, an breicfast agus an suipéar a ithidís. Oibridís go cruaidh sar a nithidís an breicfeast ar a naoi nó deich a clog. Ní bhíodh aon arán aca ach prátaí, baine géar agus iasg. Ni bhíodh aon fheól aca ach bhíodh gé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Rócháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lios na mBóbhán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus Ágas
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Lios na mBóbhán, Co. Chiarraí