Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An tAonach

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 054

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bíonn aonach sa Daingean ar an Satharn deirineach de gach mhí, agus bíonn aonach sa Caisleán ar an dara satharn de gach mhí. Tá páirc fé leith sa Daingean ar a glaodhtar Páirc an Aonaigh, dos na beithidigh. Is le Máire Ni Shúilleabháin ón Daingean an páirc. Caitheann gach éinne dhá pingin an beithíoch a thabhairt di ag dul iseteach. Ni mar sin a bhi sé in aon chor fadó, is amhlaidh a thabharfadh éinne a dhíolfadh beithidhigh cúpla pingin ag an geata ag dul amach. Bionn aonach caorach sa Daingean ar an lé deirineach de Lúghnasa agus ar an l deirineach de Meadhon Fóghmhair. Siad san an dá príomh aonaigh. Nuair a bhíonn duine ag díol biethidhigh lorgóchadh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Maitias Ua Dúbhda
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na Leacan, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seámus de hÓra
Inscne
baineann
Seoladh
Baile na Leacan, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge