13/05/2019 Rogha na Seachtaine  (Féach tuilleadh »)

Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Naomh Pátrúin an Cheantair

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 043

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sé Naomh Breanndán naomh patrún de'n ceanntar seo. Tá ceithre nó cúig áiteanna san áit seo glaoidhte indiaidh Naomh Breanndáin. Cnoc Bhréanainn an príomh áit. Chaith an Naomh cuid mhaith d'á shaoghail ar bhara Cnuic Bhréanainn, é féin agus a chuid manaigh. Tá fothrach agus saghas croise istigh ann ar bara an cnuic. Bhí cill ag an Naomh fadó in a bhfuil an seana fothrach anois. Tá seana tobar i gClochán ar a glaodhtar tobar Bhréanainn. Tá dhá áit amuich in aice baile Breanndáin ar a glaodhtar pointe Bréanainn agus ceann Bhréanainn. Tá an dá áit san in aice na fairrge. Deirtear go bhfuil baile Breanndáin féin glaoidhte in dhiaidh an naoimh. Tá casán ó

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Maitias Ua Dúbhda
Inscne
fireann
Seoladh
Clochán, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Séamus De hÓra
Inscne
fireann
Aois
72
Seoladh
Baile na Leacan, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge