Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
- XML Leathanach 683
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar naomhtha ag bun an sléibhte i gCill Dubh. Mám ualach a glaodhtar ar an áit sin. Aon lá amháin chuaidh bean amach fé dhéin cana uisge ó'n tobar. Tháinigh sí isteach agus chuir sí an t-uisce ar an dteine. I gceann tamaill d'árduigh sí an clúdach, agus cad a bhí ann acht iasg breágh mór. Cúpla lá na dhiaidh tháinigh breóidhteacht uirthe. Cuireadar fios ar an sagart. Dubhairt an sagart leí dul go dtí an tobar agus Coróin Mhuire do rádh ann. Chuaidh sí go dtí an tobar agus tar éis tamaill chonaich sí éan beag gleóidhte in aice an tobair. Tháinigh sí abhaile agus bhí sí chómh maith agus a bhí sí riamh. Deir na daoine gur naomh an tobair a bhí ann. Fuaireas é seo ó m'athair,
Séamus Mac an tSaoir 60 bl.
Máire Nic an tSaoir
Imleach
Abhainn a' Sgáil- Bailitheoir
- Máire Nic an t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus MacH an t Saoir
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An tImleach, Co. Chiarraí