Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)

Suíomh:
An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Néill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 669

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 669

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
  2. XML Leathanach 669
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá áit inaice le Loch Sgáil agus bhí tigh ann fadó. Domhnaigh amháin do chuaidh muintear an tighe go dtí an t-Aifreann agus d'fhágadar cúpla gearrcail istigh. Do chuireadar píosa feóla ag róstádh agus bolath deas aisti. Tháinig eascú mór aníos an abhainn agus chuaidh sí isteach san tigh agus chuir sí a ceann isteach i bpota a bhí taobh istigh de'n doras agus níorbh féidir léi é do thógaint amach agus chuaidh sí síos an abhann airís agus glaodtar "sgeal the pot" air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fadó, fadó bhí duine in a chomhnuidhe in aice le Loch Sgáil. Lá amháin do chuaidh a fear agus a bhean go dtí an t-Aifreann, d'fhágadar a gclann istigh i bhfaighil an tighe. Nuair a bhíodar ag ullmhú an dinnéar, bhí abha in aice leis an tigh san, do tháinig bean amach as an abhainn, do chuaidh sí isteach ins an dtigh in a raibh na cailíní a bhí ullmhú an dinnéir. Do thóg sí an dinnéar agus d'imthigh sí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge