Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
- XML Leathanach 652
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Maidin Domhnaigh is mé ag dul go h-Éochaill do casadh óigh-bhean orm sa t-slighe”
Maidin Domhnaigh is mé ag dul go h-Eóchaill do casadh óig-bhean orm sa tslí,
Go raibh scáth 'na leachain ar dhath na rósaí agus gor bhinne a beól ná na ceola sídhe
Do bhuaileas lámh ar a brághaid le forca agus d'iarras póigín ar stór mo chroidhe
'Sé duirt sí liomsa, "Ná strach mo chlócha agus gan fios do ghnótha ag bean a' tighe".Barra mo lámh dhuit ná fuilim pósta is gur buachaill óg mé thug gean dod' ghnaoi
Is dá dtagthá liomsa thar n-ais go h-Eóchaill do thógfainn seómra dhuit gan moill
Cuirfinn High Call Cap de'n fhaisean nuadh ort gúna, clóca agus caibisín
Siopa dramanna go mbeadh branndí 's beoir ann agus bow bán ró dheas i gcór do chinn.'Sé dúbhairt a spéirbhean modhmhail tais mhaortha
Ní h-áil liom fhéin an té is áilne 'cló
Ach a' té ba chliste in éifeacht cun tighis do dhéanamh
Sin é ba mhéin liom do bualadh am threó.
Siobhán Ní Churtáin
Fuaireas é seo ó
Máire bean Uí Flaitheamh 80 bl
Abhainn-a'-sgáil- Bailitheoir
- Siobhán Ní Churtáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Flaitheamh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80