Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)

Suíomh:
An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Néill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 642

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 642

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
  2. XML Leathanach 642
  3. XML “Scéalta”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I gCaithir a' Crotara ar an mbóthar go Cilleáirne taobh thoir d'Ínse, tá áit ar a glaodhtar "Scairt". Bhí mainnistir ann in aimsear Cromaill, agus do bhíodh suas le dachad manach in a gcómhnuidhe ann fadó. Lá amháin do chroch Cromaill agus a chuid fear iad ceann ar cheann, agus sin é an fáth a glaodhtar Caithir a' Crotaire air ó shin.
    Tá fotharach le feiscint fós ann. Do thuit alán tionóisc amach ann ó shin agus deirtear go bhfuil Spiorad le feiscint fós ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
        2. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Chiabháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Siobhán Ní Mhuirchearta
    Inscne
    Baineann
    Aois
    18
    Seoladh
    Achaill, Co. Chiarraí
  2. Fadó do chuaidh cúigear fear amach i mbád taobh amuich de "Leac" taobh thoir d'Ínse agus do báthadh gach fear ach duine amháin agus Gearaltach ab' ainm do agus do dhein bean darb ainm Dáluidhe amhrán mar gheall air.
    An Gearaltach mór 's a thón go fuar
    Isé caithte suas ag an dtaoide
    Dómhnall mo mhaoin-fhear cothaig an tín
    Hurray! tá sé na reading papers.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.