Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá alán Tobar Beannuighthe mó-thimpeall na háite seo. Tá ceann i Mineáird, ceann in Ínse, ceann i ghCill Dubh, ceann i mBaile an Cláir agus i gCineáird.
Deintear turas Mineáirde an fiche-naoieamhadh lá de Lúghnasa gach bliadhain. Ar dtúis deirtear an Coróin Muire i mbannc in aice an tobair, annsan téightear mór-thímcheall an tobar naoi nuaire, agus deirtear Ár nAthar, go mBeannuighthear duit a Mhuire agus Glóire don Athar naoí nuaire. Fágtar airgead in aice an tobair agus oltar braon de'n uisge.
Deintear turas Ínse an fiche naoieamhadh lá de Mheitheamh. Ar dtúis deirtear an Choróin Mhuire ag dul go dtí an tobar, annsan téightear mór-thimcheall carraig inaice an tobair, agus deirtear an (an Coróin Mhuire ag dul go dtí an tobar, annsan téightear mór-thimcheall) Ár nAthar naoí nuaire. Annsan deirtear Coróin Muire eile airís.
Do deineadh turas Cille Duibhe fadó agus bhí sé ana mhaith cun súl tinn. Tá carraig in aice an tobair i mBaile an Cláir ag tá crosaire. Glaodhtar Tobairín a Mhuire ar an gceann i gCineaird agus do deineadh turas ann fadó. Caitlín Ní Chiabháin
Fuaras é seo ó Seán Mac Curtán, Abhainn-a-Sgáil
53bl- Bailitheoir
- Caitlín Ní Chiabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Currán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Abhainn an Scáil, Co. Chiarraí