Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
- XML Leathanach 632
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Fuair sean duine bás i gClacán na Gaoithe fadó agus do bhí ingean do a dheanamh caoine as a chionn.”
Fuair sean duine bás i gClacán na Gaoithe fadó agus do bhí ing[h]ean do a dheanamh caoine as a chionn. Dubhairt sí mar leanas.
"Mo ghrádh thú agus mo thaisge,
Bádhtaoi muc id' chuid bainne
'Dir dhá Cheudaoin Earraigh
Nuair a bhíodh iarthar Ínse dealbh" D'eirigh bean a bhí ag éisteacht lei na suidhe agus d'fhreagar sí í
"Léan ort a chaillighe,
Ná cuir bréag ar an mhairbh
Go mór mhór ar t-athair.
Níorbh mhuc é ach banbh
Do sháithigh a cheann sa channa
Mar ná raibh a' sgolpán daingean.
Agus a dtuaidh thar Mám,
A tháinig an bainne,
Ó thig Sheáin Chríonna Uí Fhlaithimh.["]Micheál O Muircheartaigh (80 bl.) a thug an giota so dom. Eibhlín bean Uí Néill.- Bailitheoir
- Eibhlín Bean Uí Néill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Inse Thiar, Co. Chiarraí