Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caisleán na GreaghaireBhí caisleán ag Greaghaire de Hórach in iarthar Ciarraidhe i dtosach an 16adh aoise.
Taoiseach cródha do b'eadh é ach sa deire b'éigean dó ghéilleadh do Fear-ionan Rí Shasana. Bhí sé pósta le h-Inghean an Mhúraigh agus níor thaithn sé leis an mnaoi é géilleadh.
Thug sé cuireadh do h-oifigigh an rí cun dinnéar agus tháinigh Sir W. Raleigh, Captain Touch, Walter Hussey agus File Spenser.
Nuair a bhí an dinnéar ar siubhal dubhairt an Hórach le na mhnaoí an fíon a thabhairt ó'n seiléir. Chuaidh an bhean ann agus do ghearr sí an séithe in a raibh an fíon. Tháinigh sí thar-nais agus dubhairt sí leis, na madraí gallda do bhreith leis go dtí an siléir go n-ólaidis ó'n dtalamh é. Do glac fearg ar an Hórach agus do mharbh se í le sgian.
Do ghabhadh air annsan agus bhíodar cun é do bhreith ó comhair Lord Grey in Gallerus nuair do thit sé marbh ar lic a dhorais féin. Do phós a inghean Walter Hussey agus nuair a tháinig Cromwell do chosain an Husaoch an caisleán na choinnibh.
Nuair do theip air é coiméad níos sia d'éaluig sé féin agus a chuid fear san(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann