Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)

Suíomh:
An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Néill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 626

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 626

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
  2. XML Leathanach 626
  3. XML “Banc Tómaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá Bannc Gainimhe i mbádh an Daingin agus glaodhtar Bannc Tómaigh air, agus tá sé ráidhte go bhfuil cathair fé draoidheacht ann agus go bhfeictí í gach seachtú bliadhain go dtí gur thuit an sgeul so amach.
    Lá amháin bhí cruinniú mór daoine ar rás capall ar Thráigh Ínse agus do nochtadh an cathair i slíghe go bhfeiceadh na daoine go léir go soiléir í. Do thriomaigh an Fharraige idir an chathair is an tráigh in a raibh na daoine.
    Do thárla go raibh fear misneamhail ar na ráiseanna an lá úd go raibh capall maith aige. Chuaidh sé fé dhéin na Cathrach ar marcaidheacht ar chapall bhán agus nuair a shrois sé í níor dhearc sé aoinne beo ná marbh ach bean a bhí ag leagadh amach éudaigh cun triomuighthe.
    Chonnaic sé brat ag crochadh sa chathair agus cad a dhein sé ach an brat do sgiobadh leis bhí sé cómh h-áluinn san.
    Do liúig an bhean a bhí ag leathadh na n-éudach go raibh an brat imighthe ó'n gcathair.D'eirig na tonntacha agus phreabadar go dian ar a thóir ach bhí an capall cómh maith san gur shrois sé Barra Taoide ar Thráigh Ínse sar a rug an fhairrge air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Bean Uí Néill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Muirceartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Inse Thiar, Co. Chiarraí