Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 285

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 285

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 285
  3. XML “File na Mine Airde - Pádruig Ó Briain”
  4. XML “Caoineadh an Athar Eoghan Ó Súilleabháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    naomhtha i gConndae Chiarraidhe na go dtugadh sé, agus ní h-aon uair amháin a chuaidh sé go "Knock" i gConndae Mhuigheó de shiubhal cos. Thugadh sé abhaile leis paidríní, iomaighthí beaga, agus rudaí beannuighthe eile d'á cháirdibh - tá cuid des na rudaí a thug sé ag daoine fós san áit seo. Do mhúineadh sé an Teagasc Chriostuidhe do leanbhaí áirithe a bhíodh ag ullamhú i gcóir Sácraimínt dul fá laimh Easbog, agus b'é a bhí go maith chuige.
    Fear lúthmhar láidir a b'eadh é. Labaharann daoine fós mar gheall ar an gaisce a dhein sé nuair a léim sé an bóthar, ó chlaidhe go claidhe, i lár Baile na Mináirde Thiar. Deirtear leis 'na thoabh gur fhág sé Tráighlí lá díreach agus an cóisde ag fágaint agus gur túisce a shrois sé Baile na Saor (sin 23 míle taobh thair de Thráighlí) ná mar dhein an cóiste.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (Cailleadh an tAthair Eoghan 1856)

    Anso cúpla bhéarsa do Caoine an Athar Eoghan Ó Suilleabháin:

    "A Dhochtúir diadhachta mo dhoilgheas géar tu
    Ag dul fá liogaibh go claoidhte tréith lag;
    Glóire'n teampaill is gan amhras réiltheann,
    An t-aodhaire dílis bhí fíor d'á thréadaibh.

    D'imtig an laoch mear, mo léan! Ró luath uainn,
    Ag moladh na Trionóide agus a glóire shuanmhar.
    La Pheadair is go deo beidh tuairisc,
    Go ndeaghais fé'n gcoróinn go deo gan buaireamh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.