Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 161
  3. XML “Iascach - Ag Iascach Ballach agus Deargán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Iasgach
    Ag iasgach ballach agus deargán
    Bhí lá agus tháinig m'úncail Seán a' Mháma ar an mbaile agus gabhair éisg air. Bhí sé riamh sguithte chun gach aon tsaghas éisg mara mbeadh ann ach sgadáin - gainmhí nó cnósach trágha. bhí an bád i bPoll a' Bháid agus ní bhfuigheadh sé aon chriú an lá san mar bhíodar go léir ró ghreithileánach ag sábháil an fhóghmhair
    mé féin agus seán Dhiarmuid a mheall sé leis sa deire. Ní raibh aoinne de'n mbeirt againn ábalta ar fóghnamh ar na maidí d'árdú as an uisge. Bhí Seán féin ar an stiúir agus dhein sé ana bheartuighteacht í stiúrú bealach na Corann síos. Thug sé árd mholadh dhúinn mar ná raibh puínn uisge fúinn agus tosach taoide ann. Seadh saothruigheamair an Siorrach. Ní raibh aon taitighe againne ar an obair agus déarfainn dá mbeadh go líonfaimís an bád an tráthnóna san. Bhíomair ag tarrac smaichtíní ballach chómh tiubh le tiull. Dá mbeadh beirt ann a bheadh oilte ar an obair níl aon bhaoghal ná go mbeadh ládáil an bháid acu. Bhíomair ag tathant ar Chanaill sar ar fhágamair an baile teacht le nár gcois ach ní corróchadh sé cos linn. Nuair a bhíomair an Béal ó dheas chonnacamair Canall ag cur tón-a'-mháma ó deas dó agus slat ar a ghualainn aige. Tháinig seisean abhaile leis agus beart maith aige. Ach is amhlaidh mar bhí an sgéal againne chómh luath is chaithimís amach an baidhte d'alpaidís é. Bhí an snáithín a bhí casta ar an mbaidhte, á choimeád ar an ndubhán, ag dul in achrann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge