Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Iasgáin mar leasú phrátaíBhíodh na h-iasgáin, atáid fós, ach ná bacann aoinne leó anois, na sgreathain dhubh ar na cairrgeacha atá fén mbarra taoide. Bhidís nochtaithe ar lag trágha. Bhíodh raimhne oireamhnach acu chúcha. An gabha a dheineadh na raimhne sin an seansa raimhne a bhíodh caithte le rómhar is obair. Leis an ramhainín iasgáin a deintaí na h-íasgáin do sgriosadh des na cairrgeacha ar an dtráig, is breágh mór na traganna a bhíodh ann san Earrach . Is amhlaidh a bhí na leacacha, na cairrgeacha marcáltha amach do mhuinntir an bhaile,an cairrgín ag duine, cuas an tSagairt ag duine eile.Cloch na bportán ag duine eile ,e. Bhí an galar céadna ar na gcladach thíos mar a bhfuil an fheamanach dubh, gan aoinne 'na cúram anois.Bhíodh fuadar fútha go léir ar an dtráig, iad ag sgriosadh na n-iasgán des na cairrgeacha, á mbailiú isteach i mbirdeóga,á líonadh as san isteach i gcléibheann. Bhíodh dhá cliabh ar a luighead ann, fear nó beirt na bhfeidhil san, ag á dtarrac ar a ndrom an fhaill suas fé bhrághaid na cairte. Aon áit go bhféadfadh an chairt teacht ar an dtráig is le cairt is capall a deintaí iad a tharrach ar barra, ach ní mó áit go mbeadh air ag an gcapall teacht, an chairt a tabhairt follamh ann néirim an t-ualach lán a tharrac as. Na fearaibh a bhíobh ag sgriosadh, á dtarrach ar bharra na haille, na mná, na leanbhaí-leanbhaí sgoile leis-a bhíodh á mbailiú, á líonadh isteach ins na cléibheanna bhíodh na leanbhaí sgoile ar an dtráig sar a dteighidís ar sgoil ar maidin, tar éis sgoile leis go minic, mar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí