Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 128

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 128

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 128
  3. XML “An Tiarna Talún - 'Bess Rice'”
  4. XML “Caoineadh na hInse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Caoine na h-Ínse
    A Charraig a Mhionáin m'ochlán cléibh ort
    Nár liúig go h-árd is nár osgail ó chéile
    Nár ghlaodhaig ar Thomás 'gus ar Edward gléigeal
    Agus ar Mhuiris úd d'imthigh is ná feicim in aon chor.
    Do thiocfadh an triúr úd chugat dhá mb'fhéidir
    Go tigh na h-Ínse mar a mbíodh do ghaolta
    Do thógfaidís suas thú ar uair do thraochta
    Cé gur mór an sgíle sínte tréith thú
    Tá t-ínse anois gan féireacht
    Níl guth na cuaiche na fuaim na n-éan ann
    Níl drúcht ar chrannaibh ná luighe ó'n ngréin ann.
    San áit 'ar leagadh ar bhfaraire gléigeal.
    Duine de's na Husaés a bághadh san abhainn. Bhí tigh acu ar an lanntán ar aghaidh tighe "Barret" sall. Siobhán Ághas a dein an caoine.
    Fuaras ó'n sean-siúinéir Tom Jimín (5-1-1926)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tom Jimín
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Siúinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)