Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 127

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 127

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 127
  3. XML “An Tiarna Talún - 'Bess Rice'”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Bess na tighearna ar Fán lastiar de Cill Mhic a Domhnaig. Bhí fear bocht des na Mairtinig ann, muirear mór air agus gan puinn aige dóibh. Bhí gach aon nidh a bhí aige tógtha ag baillí Bhess ach amháin cráin muice. Níor thógadar iad san toisg na banbhaí a bheith ró-óg. Ach tráthnóna amháin ar tuiteamh oidhche fuair sé sgéala go mbeadh báillí Bhess chuige aige airís lár na mháireach. Níor dhein sé aon nidh ach cur chun bóthair leis an gcráin agus a h-ál banbh. An geimhre a bhí ann agus ceathanna sneachta aniar sa dtuaidh ag teiche ó Bhess agus a báillí. Thug sé an oidhche ar an mbóthar agus bhí an lá geal ann nuair a bhain sé amach Cill Chubháin mar ar chómhnaig a ghaolta. Go Crosaire Fionn-Trágha (Árd a' Bhóthair), suas tamall ar Bóthar an Chlasaig, soir ó tuaidh go Ráth Chonáin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Ístínigh, Co. Chiarraí