Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 123

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 123

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 123
  3. XML “Laoch ar Lár”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a cailleadh Muiris Ó Muinneacháin i Sráid Eoín sa Daingean ba leis an talamh go léir i Sráid Eóin agus Croisin agus Fearann Uí Stín. Go Ceann Árd a bhí an chóiridhe le teacht ach bhí tuille mór ar an Lóndrach rómpa agus ní leigfeadh eagla d'aoinne tabhairt fé'n seana Caidhséar, mar a bhfuil Droichead a' Tobair anois, sall Ach triail Peats h-Iarflaithe é le na chapall. Capall iallait a bhí aige agus bhí uisge na h-abhann ag imteacht de dhrom an chapaill agus é ag tabhairt fé sall agus d'éirigh leis sroisint sall. Annsan chuaidh seisear fear toghtha fé'n gcómhrain - gaisgiaig a dhuine go raibh a n-ainm anáirde le neart - Tadhg O Brosnachain a bhí ar an gCluain agus a chuir fé na dhiaidh san i mBaile'n Bhúdhlaoraigh, Peats Brosnain na Rinne Buidhe athair Michíl Uí Bhrosnacháin Tadhg Mór (Ó Murchadha) an Tobair, Seán Jim Chinnáird, Jamesy Mhaonais (Sítheach) Baile'n tSagairt agus Seán Joe (Ó Flathairtig) ó'n Rinn-Bhig. Ní raibh an droichead ann an uair sin agus an tAthair Domhnall ba bhun le h-é thógaint riamh ann. Bhí an t-Athair Domhnall lá ag dul ar na "Stations" sa Tobar - Lá mór báistighe - Ní fheadar a raibh sé chómh h-olc leis an 8adh July 1922 nuair a bághadh na caoirigh go léir agus ocht gcinn de beithíg i nGabhlán. Tháinig na beithíg báighte ar an dTráig-Bheag le tuile agus ba mhór an radharc a raibh de chaoirig báighte tugtha ag an dtuile ar an dTráig an lá san. Ach an lá so a bhí an tAth. Domhnall ag dul ar an dTobar bhí tuile agus ádhbhar maith taoide ar an dtráigh Tug sé fé'n dtraig ar a capall iallait ach coinnibh sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Ístínigh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cinn Aird, Co. Chiarraí