Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “Cois Taoibh na Mara Istoíche”
  4. XML “Séaraíocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Séaraíocht
    Nuair a bhíodh na traimilí go flúirseach agus an t-iasg leis- lem' cuimhne féin, duine go mbeadh traimil aige agus ná beadh caoi aige ar dul amach nó cóir aige chuige chuirfeadh se a líon ar "séaraidheacht". Is amhlaidh a tugtaí leath an éisg a bhíodh sa líon do'n mbád. Ba chuma cé méid a bhíodh innte (sa bhád) agus an leath eile do'n dtraimil ach aoinne go mbíodh traimil aige bhíodh an méid a bhíodh sa traimil aige agus roinnt na séaraidheachta cómh maith. Is mó duine go mbíodh líon aige ná raibh bád ná roinnt i mbád ach oiread aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge