Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 120
- XML “Nathaireacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhuail an pailitíneach (súpar) Williams agus an Súilleobhánach ó'n bhFeóthanaig le chéile ar an mbóthar lá. Ag tarrach cloch le cairt is capall a bhí an Pailitíneach agus an fear eile ag tarrach gainmhí a bhí sé. Bhíodar ana mór le chéile agus ana bhuanúil. Bhí ana mheas ag Williams ar a líofacht agus a dhisbhéalaidheacht. Níor leig sé aoinne riamh thairis gan "silence" a chur air. Ach an lá so ach go h-áirighthe, mar a mbuail an bheirt le chéile bhí a ndóthain slighe ar an mbóthar acu ach le neart buanaidheachta ar a chéile nár thairigíodar amach i ngiorracht dhá chéile an dá chapall. Bhuail an dá crann-iompair, nó axle, pleannc ar a chéile. "Dhóbair duit mé iompó" arsa Williams a'leamh-gháirighe. "B'fhéidir go dteastóchadh san uait" arsan Súilleobhánach agus ba mór an buadhadh do'n Eaglais tusa d'iompó." Croth an pailitíneach a cheann agus d'imtig sé gan smiug eile. Goin sé é. Nuair a chuaidh sé chun ceannsprice mar a raibh na fir oibre, "Seadh" ar seisean, "anois a fuaireas an clabhta is deine dá bhfuaireas riamh. D'inis sé don lucht oibre connus mar a bhí agus mar thárlaig. Chuaidh sé ar an gcroidhe ana mhór aige agus an meas a bhí aige air féin cun cainnte. Ach is amhlaidh a bhí gáiridhe aiges na fearaibh oibre fé. Níor mhór leó a bhfaigheadh sé.
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí