Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 115
  3. XML “Bogach an Ghearráin Bháin”
  4. XML “Dhá Árthach i gCuan Fionntrá”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ruith dhá árthach mhóra isteach i gCuan Fionn-Trágha ó dhroch aimsir agus bhí bád thar-barra ag iasgach tímcheall na háite.Chuaidh criú an bháid bhig ar bórd i gceann des na h-árthaighe. Bhí easpa lóin ortha chómh maith le droch huain is dócha. Tugadh gach cóir dóibh agus bhí captaen an árthaig á gceistiú agus nuair a bhraith sé gur thar barra iad cuir sé gach tuairisg ortha i dtaobh an bharra. Ráinig go mbíodh duine des na fearaibh na phíolóit ar bháid a théigheadh isteach thar barra. Bhí muillte móra an uair sin i mBaile an Mhuillin agus Stóranna móra i gCaisleán na Maingne agus ba minic árthaighe gráine ag gabháil tar barra suas ann. Ach thug sé gach cúntas go cruínn baileach do'n gcaptaen agus Sgríbh seisean síos é. Chiúnaig an uain beagán agus chuaidh na fearaibh tar-barra i dtír. B'fhéidir go raibh daoine muínnteardha díobh i bhFionn Trá'. Ach i gcionn eaga airís nár shéid an ghaoth aniar sa dtuaig agus bhí na h-árthaighe ag tarrach anncairí mar ana droch talamh anncaire iseadh cuan Fionn Trágha. Sgaoileadar na h-áthraighe roimh gaoith agus thugadar fé dul tar barra. Nár d'éirigh leis an gceann a thóg na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann