Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 114
- XML “Steaimpí”
- XML “Bogach an Ghearráin Bháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhíodh na prátaí sgríobtha ar an mbórd. D'imthigheadh an chuid ba mhó de'n uisge as le fánaig an bhúird agus d'fhanadh an STAIRS ar an mbórd na dhiaidh. Ní beadh le déanamh agat ach é bhailiú isteach in árus agus é chur i leath-taoibh go dtí go dteastóchadh sé na diaidh san.
- Sin é an ainm a bhíodh ar an bportach ó Bhun-an-Aoird go dtí Tig Higgens i mBaile 'n Fhaoítig. Ní fhéadfadh na lachain féin é shiúbhal bhí sé chómh fliuch san. Bhí féith bháighte ann agus deireadh Muiris Réadóir abhfad sar a raibh aon bhóthar ann ná aon chuimhneamh ar bhóthar a déanamh ann ach oiread ach dubhairt Muiris agus ní h-aon uair amháin é go mbuailfeadh dhá easbog, easbog Gaedhealach agus easbog Gallda le chéile i mBogach an Ghearáin. Nuair a bhíodh na sean daoine ag magadh fé Mhuiris agus iad ag smaoineamh ar an mbail a beadh ar an dá easbog agus iad go huscadaí sa féith agus sa dríb móna, deireadh Muiris gur dhá chóiste gan chapall gan cheann a bheadh acu. Is dócha gur minic a bhuaileadar um a chéile le blianta anuas ann. Ach óir ná raibh aon bóthar ann na aon teacht-tairis ní fhéadfadh na sean daoine é thuisgint. Is cuimhin liom féin gur bhuaileadar le chéile ann, is dóigh liom gur sa bliain 1909 é agus dhá ghluaisteán acu. Bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann