Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 113

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 113
  3. XML “An Dildeárn= Cearn, Bodhrán”
  4. XML “Steaimpí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chun an steaimpí do dhéanamh níor mór na prátaí móra deasa foláine do phriocadh agus iad a nighe go maith chun ná beadh aon chré ná gainmh ins na súile acu. Iad do sgú'le sgiain agus annsan iad do sgríobadh ar an ngráta stáin - tón seana galúin stáin ach ná beadh aon mheirg air agus pollaidheacha a dhéanamh ann le tairinge - dhéanfadh sé an bheart go h-aluinn. Ar an mbórd a déintaí iad do sgríobadh. Annsan éadach maith láidir leathan d'fhágail - leath mháilín plúir ach é bheith nighte glan. Chuiridís isteach san éadach roinnt mhaith des na prátaí sgríobtha agus dheinidís é chasadh mar déanfá le plainncéadaí a beadfá a'fasgadh tar éis iad a nighe, chun an t-uisge agus an súghlach go léir a baint as. Annsan nuair a bheadh é bácáltha blúire deas ime a chur air agus é d'ithe te. Na dhiaidh san curtaí gráine beag plúir tríd á mheasgadh agus chun é eadtromú. Ach ní raibh aon phlúr ag imteacht nuair a bhí an steaimpí flúirseach sa dúthaig. An plúr a chuir deire leis an steaimpí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
        1. arán (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    C. Bean Uí Chaomhánaig
    Inscne
    Baineann