Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 104

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 104

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 104
  3. XML “An Seoirseach”
  4. XML “Buachaill Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Aifrinn do labhair Seana Dhiarmuid. "Feuch a athair sin fear annsan," ar seisean, "a chonnaic duine des na daoine maithe." "An fíor san?" ars an sagart leis an Seóirseach. "Is fíor" ars an Seóirseach. "Connus bhí sé gléasta"? arsan sagart. D'inis an Seóirseach do. "Bhíodh a leithéid de libhiré ar dhaoine fadó," ars an sagart agus sin a ndubhairt.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí buachaill aimsire a bhi ana leisgeamhail ag feirmeóir. Ag baint na bprátaí a bhíodar lá agus ana-bhruid ortha toisg an aimsear a bheith fé dhóibh. Chuaidh an buachaill ag cnósach ach is amhlaidh a bhí an lámh chlé 'na phóca aige agus é ag obair leis an leath láimh. Bhí an máighistir ag faire air ar feag tamaill agus déisdin air. Dubhairt sé cúpla uair leis brostú ach níor chuir an buachaill aon nath ann. Sa deire, "Ara cad na thaobh ná cuireann tú an lámh eile chugat" ar seisean agus fearg na ghlór. "Dar fia" ar an buachaill, go réidh, slím, sleamhain, "Ní fearr líom í ná í seo" ag cur na lá' deise 'na phóca agus an lámh eile chun na h-oibre.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig O Súilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cinn Aird, Co. Chiarraí