School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 094

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 094

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 094
  3. XML “Tomás an Éithigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ministir do b'eadh Tomás an Éithig, athair Jack the Parson a bhí thíos ar an Mionáird. Do léigheas leabhar ag cur síos ar a bheatha "The Ups and Downs of Life" an ainm a bhí ar an leabhar. Muine! an moladh a fuair sé agus an mhaitheas a bhí déanta aige ag tabhairt daoine cun "Creidimh" go mór mór i nDún Chuinn thiar. Chuaidh sé go Sasana uair is dócha gur b'amhlaidh a glaodhadh sall air agus sé dubhairt sé féin tar éis teacht anall do "Rugas sall cúcha," ar seisean, "mála éitigh agus thugas anall uatha mála óir" I nDún Chuinn i mBaile Bhicáir a bhí sé tamall agus bhí stráice de thalamh aige ann ná raibh a buachtaint in Éirinn a deiridís. Is amhlaidh a caitheadh amach as é, ar nós aon bhochtán, na dhiaidh san óir ná díolfadh sé pé cíos a bhí ag dul air.
    Nuair a bhíos-sa im'bhuachaill sgoile chuadhas siar go Fionn- Trá' i dteannta bhuachalla eile, ar thóir caorach. Is amhlaidh a dh'imthigheadar ó'n bhfear eile, agus chualaidh sé go rabhadar i bpóna Fionn -Trá' agus ghluaiseamair orainn siar tar éis Chéad Aifrinn sa Daingean. Níor cheapas féin go raibh aon tSúpar in Éirinn ach an méid díobh a bhí i Sráid Eoin sa Daingean. Chuadhmair isteach go tig an phónaéra, Garbhaígh, agus bhí billeóga mar bheadh billeóga as leabhar, caithte tímcheall an bhúird. D'fheuchas féin ar cheann nó dhó acu agus ní mó ná na litreacha a bhíos ábalta ar a léigheamh san am san mar ná raibh aon Ghaodluinn ar subhal sa sgoil ná 'na cúram ach droch mheas a diabhail airthe. Tar éis bheith tamall istigh ó'n sgoil a thosnuigheas ar Ghaedluinn a léigheamh ach go raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male