Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 093
- XML “Marú an Daimh”
- XML “Ag Tarrac an Uisce”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Beirt fhilí a bhí na gcomhnaidhe duine acu ar gach taobh d'abhainn Fuaireadar damh-saile le marbhú dhóibh féin. Nuair a thángadar go h-abhainn ná raibh sí fé thuile agus theastuig ó'n bhfear a bhí na chómhnaidhe ar an dtaobh san go marbhóchfaí an damh mar a raibh sé agus gan tabhairt fé'n abhainn sa riocht 'na raibh sí mar bhí eagla air gur báthadh nó dróch-crích a d'imtheóchadh ar an ainmhidhe agus seo mar a chuir sé é
"Nuair a bhíonn tuile san abhainn
Is sleamhain a bhíonn na leacacha."Ach má seadh bhí a chiall féin ag an bhfear éile agus ba chumhang- caol leis an t-ainmhidhe do chur treasna ar ais nó ar éigin Agus d'fhreagair sé
"Mar a leagtar an crann
Is ann a dh'fhanann na slisneacha" - Chreideadh siad go gcaitheadh an té is déanaí a cuirtaí (adhlacadh) a bheith ag tarrac an uisge go dtí an chuid eile go léir a bhí curtha sa roilg chéadna. Níor bh'aon dóithín bheith á tharrac ó'n dTobar i gcoinne an aoird suas go Cinn Áird. Bhíodh cuid des na sean mhná a d'iarraidh a bheith curtha le h-ais a chéile i slighe is go bhféadfaidís an deoch do shíneadh chun a chéile. Agus is minic nuair a bhíodh dhá chóiridhe ag déanamh ar an roilg chéadna go mbídís ag rás le chéile chun an duine marbh a saoradh ó bheith ag tarrac uisge. Is gná nuair a thagann cóiridhe go Cinn-Árd go leanann dhá cheann eile í go luath.
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí