School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 074

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 074

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 074
  3. XML “Fuaras ó Dhia mar Fuair Brian Bean”
  4. XML “Domhnach an Vestry”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Domhnach áirighthe sa bhliain bhailigheadh an pobal go léir lasmuich de'n sáipéal tar éis aifreann(aifrinn). Bhíodh saghas election acu idir dhá thaobh an pharróiste. Cloisinn na sean-daoine ag cur síos air agus mé ag éirighe suas. Ní raibh a leithéid in aon chor ann lem'línn-se ná i bhfad roimhe sin. Valuation Griffith a chuir deire leis an obair sin. Ach an taobh go n-éirigheadh leó sa chóireamh leighidís an deárna go cruaidh ar an dtaobh eile. Buaidhtí i gcómhnaidhe nach mór ar Ghabhlán agus dheine adar san gearán leis an sagart ar an gcamasdaoil a bhíodh ar siúbhal. Dhein na sagairt éirleach mar gheall ar an éageóir a bhí á dhéanamh. Peatsaí Briain a bhí i nGabhlán Thoir agus féar ocht mba déag aige. Roinneadh an talamh san na diaidh san ar triúr. Tá a gclann san ann fós. Na Gearaltaig Ghabhlán Beag na daoine ba mó a bhí ar an dtaobh san. Mar a bhfuil John L anois a bhí na Brianaig agus is as san a chuaidh Peatsaí go Gabhlán. Éagantacht is dócha a chuir ó Ghabhlán é. Bhí sé ana léigheanta agus bhí sé chun bheith 'na shagart ach d'éirig sé as
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cinn Aird, Co. Chiarraí