Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 068

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 068

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 068
  3. XML “Siobhán na nGíleach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Siobhán na nGíleach
    Bhí buachaill i gCinn Áird uair agus pé coir a dhein sé do theich sé agus s'é'n áit gur shocraig sé fé ann ach in Iarthar Uibh Ráthaig. Chuaidh sé ag obair aige feirmeóir ann agus bhí an feirmeóir ana bhuideach do mar ba ró-mhaith an sás oibre é. Tamall na dhiaidh san bhí an feirmeóir ar aonach lá agus chonnaic sé fógra anáirde ar thaobh na sráide ann agus dualgas as - lán a' ramh - ní cuimhin liom cé'n méid a bhí ainmnighthe ann ag lorg tuairisg' a leithéid seo de bhuachaill. Thug an feirmeóir tuairim gur b'é a bhí aige féin. Bhuail an tsainnt é láithreach . Sar a chuaidh sé a chodladh an oidhche sin d'inis sé dá mhnaoi cad a chonnaic sé agus dubhairt sé léi gur b'fhearra dhó féin an dualgas a thógaint mar dá fhaid a ritheadh sé go dtógfadh duine éigin é cómh maith. Bhí an bhean ag cur na choinnibh ach ba bheag an mhaith dhi sin. Bhí ingean an fheirmeóra ag éisteacht leó i gan fhios dóibh agus bhí sise ana mhór leis an mbuachaill mar bhí sé ag déanamh cuid mhaith d'á gnó an fhaid a bhí sé ann. Lá'r na mháireach chuaidh an feirmeóir agus a bhean go dtí'n baile mór airís chun an tuairisg a thabhairt dos na saighdiúirí, mar saighdiúirí a bhíodh ann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Leac Shiobhán na nGeimhleach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Ístínigh, Co. Chiarraí