Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 042

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 042

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 042
  3. XML “Aithrí Dhomhnaill Bháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aithrighe Dhomhnaill Bháin
    An chead uair riamh a tháinig an aicíd ar na prátaí annseo níor chuir na daoine aon tábhachat ann. Ách do bhaineadar na prátaí, chuireadar ins na póill iad fé mar dheinidís riamh.Nuair a thángadar chun iad do thogaint as na póill ‘na dhiadh san is amhlaid a bhíodar go léir lobhtha, fuair mórán dhaoine bás dén ocras. Ar mhanam ná raibh aon bhaile seo sall go h.Uibh Ráthach an uair sin ag triall ar iasgáin chun iad a chur amach mar leasu ar na prátaí. Lá áirighthe bhí bád an bhaile seo thall,bhí duine cles na searaibh innte ar a dtugtaí Domhnall bán, mar bhí eann bán air. Ní théigheadh laga air ach ag eassgain, ní raibh se i faoistin le deich mbliana roimhesin. Agus iad ag teacht abhaile leisn na h-iasgáin agus an bád go slait le hualach acu nár dhéirig stoirm thabhásach, chrom-adar ar na h-iasgáin a thaosadh i bhfairrge. Ach obair ana mhall im baish na h-iasagáin a chaitheamh i bhfairrge, dá mhéid mar dheineadar i ndícheall bhíodar i mhaoghal bháidte amuichi lár bágha. Cheap Domhnall bocht gur mar gheall air féin a tháinig an stoirm, thug sé na miona, na móide dá dtiocfaidís saor ná sgaodfeadh sé aon lá éile thairis gan dun chun faoistine, Seadh thánghadar saor fé sgéal é, lá'r na mhaireach bhí an Satharn ann,seo le Domhnall bán in Daingan. "Ach gur thugas na móide '! " ar seisean. "Tá's agam nách saor a thiocfad as, mar ná suil aon pheaca dár deineadh riamh ná suil déanta agam. Sa ach amháiin na trí peacaí Dún mharbhú toiltheamhail, éigean mná óige, (ní cuimhin liom an ceann eile)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Seoladh
    Cinn Aird, Co. Chiarraí