Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 030
  3. XML “Saibhreas na mBúdhlaorach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Saidhbhreas na mBúdhlaorach
    Tháinig árthach trí gcrann isteach go Cuan Árt na Caithne le h-uain is le h-anaithe. Cheap an captaen go mbeadh foithn is fasgadh ann aige ach d'athruig an ghaoth agus bhí an t-árthach á chaitheamh isteach ar an dTráigh Bháin - ar an mBéal Bán.
    Tháinig muinntir na háite go léir tímcheall, ag cabhradh leis na fearaibh ag teacht idtír. B'é'n captaén an fear déanach d'fhág an t-árthach agus fear críona dob'eadh é go raibh a shaoghal go léir caithte aige ar an bhfairrge. Bhí sé chun tabhairt suas i gcionn bliana agus bhí a thuileamh go léir agus ar chruinnig sé i ruith a shaoghail ar bórd aige, ór buidhe 'na shobhairní. Cuir sé isteach i mála beag a raibh aige agus chuir sé ar leabaidh chluimh é agus sgaoil sé isteach le gaoith is le h-uain é fé dhéin na trágha. Nuair a thainig an tochta clúimh isteach ins na tonnaidheacha briste nár iompuigh sé béal fé agus thuit an mailín óir sa bhfairrge. Thug an captaen iarracht ar theacht i dtír annsan agus bhághfaí é ach go raibh capall ag duine des na Búdhlaoraigh ar an dtráigh agus siúd leis fé dhéin an chaptaen. Ráinnig leis teacht lasmuich do'n gcaptaen agus thug sé leis saor é. Go tigh na mBúdhléarach a tugadh an captaen an oidhche sin agus tugadh gach cóir agus aire dá fheabhas do faid a bhí sé ag teacht chuige féin. D'innis sé do'n mBúdhlaorach sgéal an airgid. "Bh'fuil fhios agat,2 ar seisean "cár iompuig an tochta clúimh? Téire ar lag-trágha led'chapall agus má bhuaileann sé leat bíodh leath agat ach tabhair an leath eile dhom-sa agus beidh ár ndóthain ag an mbeirt againn pé fada geairid a mhairfimíd. D'imthig an Búdhlaorach agus do réir gach deáraimh bhuail an mála leis i gan fhios d'aoinne ach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Seoladh
    Cinn Aird, Co. Chiarraí