Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “An Ceol Sí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear aon nuair amháin 'na chómhnaidhe annso sa Tobar. Bhí ana éirim aige ar cheól agus bhíodh feadóg 'na phóca i gcómhnuidhe aige. Seán Ó Domhnaill do b' ainm do agus bhí sé ag dul thar lios bhaile Uí Chonchobhair atá lastiar de'n dTobar annso, oidhche. Tá an lios le feisgint ann fós ach tá an fear bocht san tsiarraidheacht le fada blianta. Bhí sé ag gabháil tharis an lios an oidhche áirighthe seo. Agus chualaidh sé an cheól aoibhinn a sheinnt istig sa lios ann. Fear ana léigheanta do b' eadh é agus do stad sé ag éisteacht ar feadh tamaill mhaith. Bhí an cheól ag dul i aoibhneacht agus in áilneacht faid a bhí sé ann. Chualaidh sé na daoine ag rinnce agus ag scléip istig sa lios. Níor chuaigh sé isteach in aon chor toisc an ainm aerach a bheith riamh ar an lios céadna, d' fhan sé mar a raibh aige. Sara fada bhí sé ábalta ar an bport do sheinnt. D' imthig an t-eagla dho agus i gcionn tamaill do thosnaig sé féin ar an bport a sheinnt. Chomh luath agus thosnaig sé ar sheinnt do stad siad an ceól agus an rinnce a bhí istig sa lios láithreach. Na sídheóga a bhí ag seinnt an cheóil agus ag rinnce sa lios. D' aithnigheadar an port láithreach agus thángadar amach. Chonnadar Seán agus tháinig beirt acu chun cainte leis. D' iarradar air an port do thabhairt suas. Dubhairt Seán á bhfreagairt ná tabharfadh. "Mara dtabharfair suas an port" ar siad "brisfimíd cos leat". "Ní thabharfad suas an port san," arsa é "dá mbrisfí gach cnámh im' cholain". "Mara dtabharfair suas é ar ór nú ar airgead" ar siad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Eichtigheirn
    Inscne
    Fireann