Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 006
  3. XML “Ní Bhíonn Aon Fháilte Roimis an mBás”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní bhíonn aon fháilte roimis an mbás
    Bhí lánú pósta ann fadó. Bhí cion mór acu ar a chéile go deimhin bhí an iomad ceana ag an mnaoi ar an bhfear i dtreó gur thóg an fear na cheann gur ag magadh fé a bhí sí.
    "Seadh" ar seisean, leis féin aon lá amháin, " beidh fhios agam-sa an ag magadh nó dáiríribh a tá'n tusa a chailín". D'éirigh sé lár na mháireach agus is gearr gur chrom sé ar gearán (ghreán) agus bhí sé ag dul ó luigíocht go luigíocht agus sa deire dubhairt sé lena bhean fios a chur ar an sagart chuige go raibh sé ag dul chuin báis. Do sgread an bhean bhocht agus do bhéic sí agus do bhuail sí a basa agus adubhairt gur bhfeárr léithe bás d'fhághail í féin na maireachtaint na dhiaidh. Bhí sé ag druideam le doircheacht bheag an tráthnóna agus bhí sé ag dul i luigíocht. é sínte sa chúinne agus a bhean ar an dtaobh eile de'n dteinnteán ag lógóireacht, nuair a léim an rud thar leath dhorais chúcha isteach ar an úrlár D'fheuch an fear breóidte air acht is seacht feárr ná san d'fheuch an bhean air mar is ag déanamh uirthe aníos a bhí sé. "Ó a Mhuire,"arsan fear, "táim réig anois! Trócaire Dé ar m'anam seo chugainn an bás agus deir mo bhean go mbfearra léi féin bás d'fhághail ná mise." "Ó ró a bhás" ars an bhean ag éirighe sa chúinne. "Gaibh lastall agus beir é féin leat." Do léim an fear breóidte sa cúinne. "Ara a chailleach tá's agam anois an saghas grádha atá agat dom. Níl ins an rud ach coileach go ndubhart-sa le garsún ó'n mbaile a phriocadh na bheathaig agus é leigint an dorus isteach chughainn agus go leigfinn-se
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Muiris Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cinn Aird, Co. Chiarraí